Le Caroline Walsh, Oifigeach Sláinte Poiblí, NSS
Ar mhaith leat do chuid taithí a úsáid chun cuidiú le daoine eile? Trí bhallraíocht a ghlacadh inár líonra Comhpháirtíochta Othar agus Poiblí is féidir leat do ghuth a úsáid chun feabhas a chur ar ár gceithre chlár scagthástála náisiúnta. Léigh leat chun tuilleadh eolais a fháil faoinár líonra PPP agus conas is féidir leat páirt a ghlacadh ann.
Cad atá i gceist lenár gComhpháirtíocht Othar agus Phoiblí?
Sa tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála ba mhaith linn a chinntiú go bhfreastalaíonn ár seirbhísí ar riachtanais na ndaoine a úsáideann iad agus go ndírítear iad i ndáiríre ar an duine.
Tá ceithre chlár scagthástála daonra-bhunaithe againn: BreastCheck, BowelScreen, CervicalCheck agus Diabetic RetinaScreen. Oibrímid i gcomhpháirtíocht le rannpháirtithe gach cláir ar bhealaí éagsúla ar a dtugtar Comhpháirtíocht Othar agus Phoiblí; is é ‘PPP’ a thugaimid air.
“Tugann na daoine a ndéantar scagthástáil orthu dearcadh difriúil agus an-luachmhar dúinn – conas mar atá sé i ndáiríre. Trí oibriú i gcomhpháirtíocht le hIonadaithe Othar agus Poiblí is féidir linn smaointe a thástáil agus réitigh a chomhchruthú leis na daoine is tábhachtaí.”
Fiona Murphy, Príomhfheidhmeannach, NSS
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoinár Straitéis Comhpháirtíochta Othar agus Poiblí anseo.
Cad atá i gceist lenár líonra Comhpháirtíochta Othar agus Poiblí?
Bhunaíomar ár líonra PPP in 2019. Tá 33 ionadaí PPP ó gach cearn d’Éirinn inár líonra. Soláthraíonn siad guth an othair maidir le tionscadail, grúpaí oibre agus coistí an NSS, trí leibhéil éagsúla rannpháirtíochta lena n-áirítear comhairliúchán, agus comhpháirtíocht sa chinnteoireacht.
“Nuair a d'aontaigh mé bheith i m'ionadaí PPP bhí imní orm nach raibh mé ansin ach chun tic a chur le bosca. Ba mhór an pléisiúr é a fháil amach nach raibh sin amhlaidh, agus go deimhin tá rannpháirtíocht othar á meas anois ag go leor daoine sa tseirbhís mar rud atá ríthábhachtach.”
Grace, ionadaí PPP
Cé hiad na daoine a bhfuil cuireadh á fháil acu páirt a ghlacadh sa líonra Comhpháirtíochta Othar agus Poiblí?
Tá a fhios againn an tábhacht a bhaineann le líonra éagsúil cuimsitheach PPP a dhéanann ionadaíocht do na daoine atá ina gcónaí in Éirinn. Táimid ag tógáil líonra PPP a bheidh comhdhéanta de dhaoine ó chúlraí éagsúla, ag a bhfuil dearcthaí, eispéiris agus suimeanna éagsúla.
Chun é sin a dhéanamh táimid ag lorg daoine ar suim leo ceann amháin ar a laghad dár gceithre chlár scagthástála daonra nó a bhfuil eolas acu faoi cheann acu, agus nach ndéanann ionadaíocht fhoirmiúil d’aon eagraíocht nó d’aon ghrúpa cheana féin.
Ní gá go bhfuil cúlra cliniciúil agat. Beidh tú i do ‘shaineolaí trí thaithí’. Cuirfimid oiliúint agus tacaíochtaí breise ar fáil, de réir mar is gá.
Éilímid go mbeidh ionadaithe PPP 18 mbliana d'aois nó níos sine.
Cad atá i gceist le páirt a ghlacadh sa líonra Comhpháirtíochta Othar agus Poiblí?
Is féidir leat páirt a ghlacadh ann ar go leor bealaí éagsúla. Is féidir leat:
- Cuidiú a thabhairt le seirbhísí an NSS a dhearbhú, a sholáthar, agus meastóireacht a dhéanamh orthu
- Do thuairimí agus do shaineolas a roinnt agus páirt a ghlacadh i bplé agus in obair thionscadail an NSS ar bhonn fíorúil nó aghaidh le haghaidh
- Tacú leis an NSS agus muid ag féachaint le hothair agus leis an bpobal a chur ag croílár ár gcinnteoireachta
Le blianta beaga anuas, d’oibrigh ár n-ionadaithe PPP ar thionscadail éagsúla lena n-áirítear: Forbairt Straitéis Chorparáideach an NSS, Tionscadal um Dhíbirt na hAilse Ceirbheacs, forbairt Creata Straitéisigh Cothromais, an Sainghrúpa Tagartha agus Grúpaí Ailse Eatraimh. Bhí a saineolas, a forbraíodh trí thaithí, thar a bheith luachmhar agus táimid buíoch de gach duine a thug a gcuid ama agus a nguth do na tionscadail sin.
In 2023, beidh i bhfad níos mó deiseanna ann dár n-ionadaithe PPP agus muid ag leanúint lena chinntiú go mbeidh a nguth lárnach dár dtionscadail, dár ngrúpaí agus dár ngníomhaíochtaí.
Cad iad na scileanna nó taithí ar leith a theastaíonn uaim chun páirt a ghlacadh?
- Bheadh roinnt taithí ar sheirbhísí scagthástála mar othar, mar chúramóir, mar dhuine muinteartha nó mar bhall den phobal ina bhuntáiste
- An cumas aiseolas criticiúil cuiditheach a sholáthar
- Scileanna maithe cumarsáide
- An mhuinín do thuairimí féin a chur in iúl go soiléir agus páirt a ghlacadh i bplé grúpa
- An cumas éisteacht le tuairimí éagsúla agus meas a bheith agat orthu
- Feasacht faoi chomhionannas agus éagsúlacht – b’fhéidir gur bhain na saincheisteanna sin leat?
- Meon dearfach
Conas páirt a ghlacadh?
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoinár líonra Comhpháirtíochta Othar agus Poiblí (PPP) nó faoi conas páirt a ghlacadh ann, seol ríomhphost le do thoil: ppplead@screeningservice.ie
“Má tá an t-am agat agus más suim leat é, ar aghaidh leat. Trí bheith ag éisteacht le gach rud a bhí ar siúl tugadh muinín dom agus d’éirigh liom go pearsanta as bheith i m’ionadaí PPP.”
Breda, ionadaí PPP
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin obair atá curtha i gcrích ag PPP féach anseo.